Monday 21 October 2013

Bliots Sacair agus Anne Frank

Beidh páistí Rang a 5 ag dul ag imirt sacair ar an gCéadaoin 23/10/13.
Tá bliots eagraithe ag na gardaí áitiúla agus an FAI idir scoileanna sa cheantair. Baileoidh busanna na nGardaí ag 9am muid, críochnóidh an bliots thart ar 1.30pm, agus beimid ar ais sa scoil roimh 2.30pm.
Ar an Déardaoin (24/10/13) beimid ag dul isteach sa chathair ar an DART chun dul go dtí taispeántas Anne Frank:
http://www.dublincity.ie/RecreationandCulture/libraries/library_events/Pages/Anne_Frank_exhib.aspx
Tá an-tóir ar an taispeántas, agus ní raibh mórán spásanna fágtha nuair a chuir mé in áireamh é, ach toisc gur léirigh gach duine an-spéis ann, chuir mé in áireamh é le haghaidh 1pm.
Beimid beagáinín déanach ag filleadh ar an scoil, 3pm ar a dhéanaí. Má fhaigheann páistí cead óna dtuismitheoirí siúl abhaile ón DART nó ón scoil, tabharfaidh mé cead dóibh.


Tuesday 16 April 2013

Cruinniu Inis Oírr

Ná dearmad go mbeidh cruinniú eolais Inis Oírr ar siúl sa scoil Déardaoin an 18ú Aibreán do thuismitheoirí Rang a 5.
Tá sé tábhachtach go mbeidh ar a laghad tuismitheoir amháin ann ó gach clann. Tosóidh an cruinniú ag 8pm.
Míle buíochas,
Jennifer